imram

  • Increase font size
  • Default font size
  • Decrease font size
Home Poems, stories, excerpts

Poems, stories, excerpts




Daoine a Itheann Daoine

There are no translations available

Mícheál Ó Ruairc - Biography

Mícheál Ó Ruairc

Ciarraíoch ó dhúchas é Mícheál Ó Ruairc. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath le tamall maith de bhlianta. A shaol caite aige go dtí seo ag teagasc agus ag scríobh. Is múinteoir páirtaimseartha é faoi láthair san Institiúid Oideachais i mBaile Átha Cliath. Is file agus scríbhneoir é chomh maith. Go dtí seo tá trí chnuasach filíochta i gcló agus tá naoi n-úrscéal foilsithe aige, ina measc An bhFaca Éinne Agaibh Roy Keane? (Coiscéim, 2003), Pónairí ar Thósta (Comhar, 2007) agus An Saol i Sladbhaile (Coiscéim, 2008). Foilsíodh cnuasach gearrscéalta do dhaltaí Ardteiste leis, Na Lucha ag Rince, anuraidh.

More information: www.cic.ie

 

Daoine a Itheann Daoine

Excerpt from Daoine a Itheann Daoine

Ag a sé a chlog tráthnóna Dé hAoine stop an veain bhuí i lár na cearnóige bige in eastát galánta i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Stop sí san áit a raibh bréagthobar, bréagfhuarán agus bréagchaidéal spallta curtha ag amadán de rachmasaí éigin gan réasún.
Ar feadh tamaill níor tharla tada. Ansin, de réir a chéile, thosnaigh na daoine ag teacht ina nduine is ina nduine i dtreo na veain go raibh baicle mhaith bailithe ina leathchiorcal in aice léi. Sheasadar ansin go foighneach gan focal astu, mar a bheifeá ag súil leis in eastát mar é. Maidir leis an veain, d’fhan sí ansin ina colgsheasamh gan fuinneog dhall ná doras doicheallach ag sméideadh ná ag caochadh súile ar éinne. Mar sin féin, d’fhan na daoine ina seasamh san áit ina rabhadar gur imigh solas an lae ina chosa in airde thar dhromchla na dtithe isteach i bhfirmimint an aeir is gur thuirling fallaing an dorchadais ina áit.
Ansin, agus an chuma ar an scéal nach dtarlódh tada go deo na ndeor, osclaíodh haiste beag ar thaobh na veain de phlimp agus sháigh fear maol, meánaosta a chloigeann róin amach agus lig béic as a chloisfeá sa Domhan Faoi Thoinn:
“Bíodh bhur gcuid airgid réidh agaibh!” ar seisean.

Read more...
 

Buille Marfach

There are no translations available

Anna Heussaff - Biography

Anna HeussaffTá cónaí ar Anna Heussaff i mBaile Átha Cliath, áit ar tógadh í. Chaith sí riar blianta ag obair ar chláir raidió agus teilifíse in RTÉ sarar thug sí faoin scríobh cruthaíoch. Bronnadh mórdhuais Oireachtais ar gach úrscéal a scríobh sí cheana: Bás Tobann (Cois Life 2004), scéal bleachtaireachta do dhaoine fásta; Vortex (Cois Life 2006), scéal eachtraíochta do dhéagóirí óga; agus Cúpla Focal (Cois Life 2007), scéal grá d’fhoghlaimeoirí fásta agus do léitheoirí líofa araon.

More information: www.cic.ie

 

Anna Heussaff

Excerpt from Buille Marfach

7.45 pm Déardaoin 17 Meán Fómhair  

Bhí Tessa ina luí ar an mbóithrín, a lámha agus a cosa spréite ar an talamh.  Ba dheacair í a fheiceáil in aice leis an mballa ard cloiche.  Bhí an oíche ag titim agus bhí na cnoic máguaird ina scáileanna dorcha ar gach taobh. 
Chas Aoife solas a tóirse uirthi go mall.  Bhí cloigeann Tessa leathchasta ina treo.  Bhí a béal ar oscailt.  Thug Aoife faoi deara go raibh an smideadh dearg ar a beola smeartha ag prislíní seile.  Bhí fonn uirthi béal Tessa a ghlanadh le ciarsúr, mar a dhéanfaí le leanbh.  Ach bhí otharcharr agus na Gardaí ar a slí.  Chaithfí gach rud a fhágáil mar a bhí. 
“Féach, ansin, ar a ceann.  An bhfeiceann tú an gortú?”
“Ach níl sí ag cur fola anois, an bhfuil?  Nó an raibh dóthain solais ann nuair a chonaic tú ar dtús í?
“Tá cloch nó dhó ar an talamh in aice léi, ach níl a fhios agam.”

Read more...
 


IMRAM at Dublin Writers Festival 2012

SONGS OF THE SCRIBE
A gala evening of poetry, prose and song
Date Saturday 9 June
Time 6pm
Venue Dublin Unitarian Church
Tickets €10 / €8 concession

THE NIGHT TOWN PROJECT
A celebration of Dublin in darkness
Date Wednesday 6 June
Time 8.30pm
Venue The Workman’s Club
Tickets €10 / €8 concession

 

IMRAM Special Club nights May 2012

Conradh Na Gaeilge's Club, 6 Harcourt Street, Dublin 2

Gearóid Mac Lochlainn & Caoimhín Mac Giolla Catháin, Biddy Jenkinson and Máire Ní Choilm
8.30 Friday 11 May 2012 (free admission)

Dairena Ní Chinnéide, Stiofán Ó Cadhla, Séamas Barra Ó Suilleabháin and Tony MacMahon & Steve Cooney
8.30 Friday 18 May 2012 (free admission)

Colm Mac Con Iomaire, Míchéal Ó hUanacháin, Antaine Ó Donnaile and Doireann Ní Ghríofa
8.30 Friday 25 May 2012 (free admission)

FURTHER INFORMATION AND PUBLICITY QUERIES:
LIAM CARSON phone 087-2912797
Email: liamog62@mac.com

IMRAM Contact Details

IMRAM Irish Language Literature Festival
Liam Carson

e-mail: info@imram.ie
+353 (0)1 214 3831
+353 (0)872 912 797

IMRAM Facebook IMRAM Twitter