IMRAM 2010 - MC Muipéid & Jimmy the Hideous Penguin, Dairena Ní Chinnéide & Steve Cooney, Peadar Ó hUallaigh
|
Seoid de sheoda leictreonacha na hÉireann iad MC Muipéid agus Jimmy the Hideous Penguin. Conamarach é Jimmy agus is ceolmhar an phiongain é gan aon agó. Taitníonn a ionstraimiú orgánach forásach thar barr le handúiligh an cheoil leictreonaigh. Úsáideann Jimmy caschlár amháin chun a chuid ceoil agus a chuid garbhrianta a láimhseáil, cúlra hiopnóiseach do rapcheol léaspartach MC Muipéid. Tá a guth sainiúil féin ag an bhfile Dairena Ní Chinnéide. Baineann na cnuasaigh An Trodaí, Máthair an Fhiaigh agus Poll na mBabies le pobal agus le tírdhreach a ceantair dhúchais i gCorca Dhuibhne. Más draíochtúil ar an leathanach í is draíochtúla fós beo ar an stáitse í agus munar leor sin chun pobal IMRAM a shásamh beidh an sárghiotáraí Steve Cooney ina teannta chun dánta sa dá theanga léi a thionlacan. Bhuaigh an cnuasach Tír Tairngre le Peadar Ó hUallaigh Duais Eithne agus Rupert Strong i mbliana. Is beag début a fuair moladh chomh hard leis. Chomh maith le filíocht den scoth, gheobhaimid bleaist uaidh ar an bhfliúit. Sároíche ar fad geallta. |
|







