IMRAM 2012
|
Tá an-áthas ar IMRAM, Féile Litríochta na Gaeilge, clár na bliana 2012 a fhógairt ina bhfuil meascán breá eicléictiúil againn de cheol, damhsa, filíocht agus léitheoireachtaí próis, taispeántais, léachtaí, cainteanna, ceardlanna, suiteálacha ilmheánacha agus dánphóstaeir i lár Bhaile Átha Cliath. Ag labhairt dó ag fógairt na féile, dúirt Stiúrthóir IMRAM: 'Tá cruthaithe arís i mbliana go bhfuil nualitríocht na Gaeilge agus na healaíona Gaelacha ag cur thar maoil le spleodar, le tallann agus le samhlaíocht. Tá ríméad orainn Túr na nAmhrán a chur i láthair an phobail i mbliana, amhráin de chuid Leonard Cohen aistrithe go feillbhinn ag beirt fhilí a bhfuil aithne acu ar a chéile ó laethanta órga INNTI, Gabriel Rosenstock agus Liam Ó Muirthile. Is iad na hoirfidigh a chanfaidh amhráin Cohen ná Liam Ó Maonlai, The Brad Pitt Light Orchestra agus Hilary Bow. I measc na seónna eile a mbeidh an-éileamh orthu tá Oíche Chonallach le Tríona Ní Dhomhnaill agus oirfidigh eile i saol an cheoil agus na litríochta; Comóradh Comhar, an iris atá 70 bliain ar an saol; Samuel Beckett as Gaeilge; seó rince den chéad scoth le Fearghus Ó Conchuir, damhsóir agus córagrafaí extraordinaire.' Beidh léitheoirí na Gaeilge ag tnúth go mór leis an oíche ómóis in onóir Thomáis Mhic Shíomóin. File, fear próis, aistritheoir, fear cúise anall ón gCatalóin chugainn é Tomás Mac Síomóin agus ina theannta beidh Mangéira agus ceol aoibhinn acu ó Mheiriceá Laidineach. I measc na laochra ón am atá thart a bheidh faoi chaibidil ag IMRAM i mbliana tá Pádraic Ó Conaire agus Seán Ó Ríordáin. Bíonn IMRAM i gcónaí ag iarraidh ardán nua a fháil don ghlúin nua scríbhneoirí agus i mbliana cloisfear Doireann Ní Ghríofa, Antaine Ó Donnaíle agus Séamas Barra Ó Súilleabháin (Zen Ciarraíoch á chleachtadh ag an Súilleabhánach). 'Cad a dhéanfainn gan an Tost seo?' is teideal don seó gearr filíochta, dánta le Samuel Beckett á léamh ag a aistritheoir Gaeilge,Gabriel Rosenstock i dteannta Stiúrthóir an chompántais Mouth on Fire, Cathal Quinn a léifidh an Béarla agus an t-aisteoir Julia Gleize a léifidh an Fhraincis; ina dteannta siúd beidh ceol cláirsí á sheinm ag an gcumadóir Anne-Marie O'Farrell agus feicfear íomhánna atmaisféaracha agus téacsanna ar an scáileán á dteilgean ag Margaret Lonergan. Beidh IMRAM ag leanúint dá obair ceannródaíochta agus disciplíní ealaíne éagsúla á gcomhtháthú aige. Bígí ag faire amach le haghaidh Ceaití Ní Bheildiúin agus an focal 'cathair' á thaighde aici ar fud na cathrach, i Sráid an Dáma, sa Back Loft (Sráid Agaistín) agus i mBarra an Teampaill. Fiosrúcháin a bhaineann le Poiblíocht: English language media: Please contact Cormac Kinsella of Repforce -
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
Meáin na Gaeilge: Labhair le do thoil le Julianne Ní Chonchobhair -
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
FIOSRÚCHÁIN GHINEARÁLTA AGUS MOLTAÍ FAOI IMRAM: Scaip an Focal. IMRAM an Focal. Spread the Word. The Word is IMRAM. |



IMRAM 2012


