imram

  • Increase font size
  • Default font size
  • Decrease font size
Leathanach Baile

Faoi IMRAM


CEILIÚRADH SA PHRÍOMHCHATHAIR

Bunaíodh IMRAM i 2004.

Tugann IMRAM a lucht éisteachta/féachana ar aistear eolais, aistear ina gcuirimid eolas ar shaibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha trí mheascán d’imeachtaí éagsúla a chuimsíonn prós, filíocht agus ceol, agus sin i dtimpeallachtaí beoga. Údair a chur i láthair an phobail, iad i dteagmháil le léitheoirí agus léitheoirí nua á mealladh chucu féin, sin is croí IMRAM ann.

Fís dhearfach atá ag IMRAM. Is mian linn teanga agus litríocht na Gaeilge a chur i láthair an phobail laistigh de fhráma nua-aoiseach, bheoga, ilchultúrtha. Meicníocht phoiblíochta atá in IMRAM fosta agus déantar an-iarracht ar údair a chur i láthair na meán, rud a bhfuil géarghá leis.

Is é príomhaidhm IMRAM ná a léiriú gur litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch í litríocht na Gaeilge a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is é cuspóir na féile ná spéis daoine óga a chothú sa litríocht chéanna. Tá IMRAM ina fhéile lárnach bhliantúil, ionnas go mbeadh scríbhneoirí na Gaeilge mar chuid de chroílár shaol cultúrtha na príomhcathrach. Tugann an fhéile áit lárnach do scéimeanna ilchultúrtha.

Creidimid go bhfuil IMRAM riachtanach le haghaidh dul chun cinn litríocht na Gaeilge amach anseo. Ar shlí, d’fhéadfá a rá go bhfuil fuinneamh INNTI laistiar de, an ghluaiseacht a d’athraigh cúrsa na nualitríochta breis is 30 bliain ó shin.

LIAM CARSON
Stiúrthóir IMRAM


 


IMRAM ag Féile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath 2012

SONGS OF THE SCRIBE
Mórócáid filíochta, próis agus amhránaíochta

Dáta Dé Sathairn 9 Meitheamh
Am 6 i.n.
Ionad Eaglais Úinitéireach Bhaile Átha Cliath
Ticéid € 10/ €8 lamháltas

BAILE OÍCHE AN TIONSCADAL
Comóradh ar Bhaile Átha Cliat h faoi Scáth na hOíche

Dáta Dé Céadaoin 6 Meitheamh
Am 8.30 i.n
Ionad The Workman’s Club
Ticéid €10 / €8 lamháltas

IMRAM Sraith d'Oícheanta Speisialta Bealtaine 2012

Club an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

Gearóid Mac Lochlainn & Caoimhín Mac Giolla Catháin, Biddy Jenkinson is Máire Ní Choilm
8.30 Dé hAoine, 11 Bealtaine 2012 (saorchead isteach)

Dairena Ní Chinnéide, Stiofán Ó Cadhla, Séamas Barra Ó Súilleabháin agus Tony Mac Mahon & Steve Cooney
8.30 Dé Aoine, 18 Bealtaine 2012 (saorchead isteach)

Colm Mac Con Iomaire, Míchéal Ó hUanacháin, Antaine Ó Donnaile agus Doireann Ní Ghríofa
8.30 Dé hAoine 25 Bealtaine 2012 (saorchead isteach)

TUILLEADH EOLAIS AGUS FAISNÉIS PHOIBLÍOCHTA:
LIAM CARSON guthán 087-2912797
Ríomhphost: liamog62@mac.com

Sonraí Teagmhála IMRAM

IMRAM Féile Litríochta Gaeilge
Liam Carson

e-mail: info@imram.ie
+353 (0)1 214 3831
+353 (0)872 912 797

IMRAM Facebook IMRAM Twitter